Aghaidh na Gaeilge san Úcráin: Imíonn Nadia ó Chív

Bhí sé le cloistint ar gach meán Gaeilge le cúpla seachtain anuas – bean as a Úcráin a bhfuil scoth na Gaeilge aici.
gus dúirt Nadia Dobrianska le Seachtain go raibh uirthi teitheadh óna hárasán i bpríomhchathair na tyre, Cív, lena deartháir agus a tuismitheoirí atá tinn mar go raibh forsaí arm na Rúise ar an ionsaí.
“Tá me faoin tuath anois, thart ar 100 miles ó Chív, agus muid i bhfolach anseo. Cloisim eitleáin na Rúise sa spéir san oíche agus na diúracáin, tá sé uafasach ach go dtí seo tá muid slán.”
Is oibrí chearta an duine í Nadia (34), atá cailithe in dlíodóir. Ach chuir sí suim i gcultúr na hÉireann den chéad uair nuair a chonaic sí Riverdance agus chuala sí ceol Clannad, Altan agus The Chieftains.
Thosaigh sí ag foghlaim na Gaeilge ar Duolingo ar feadh bliana – “ceacht uair a’ chloig dhá uair sa tseachtain” – agus súil aici a cuid Gaeilge a úsáid nuair a d’éirigh léi cáiliú le haghaidh Máistreachta sa Léann Éireannach in na Ban Ollscoil mBeal Feirste.
“Bhí mé i mBéal Feiste ó 2019 go dtí earrach 2021. Ní cúrsa Gaeilge é mar sin chuaigh me go ranganna oíche ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich – dhá théarma ansin.”
Tá seacht dteanga aici; Úcráinis, a teaga dhúchais, Rúisis, Spáinnis, Gearmáinis, Polainnis agus Béarla chomh maith leis an Ghaeilge.
“Rinne mé a lán oibre ag foghlaim na Gaeilge – ag caitheamh dhá uair a’ chloig i mbun staidéir gach seachtain i mo sheomra, ach bhí an phaindéim ann mar sin ní raibh daoine ag dul amach.
“Nuair a shroich mé Éire shíl mé go mbeinn in ann bualadh lena lán daoine a raibh Gaeilge acu – bhí mé an-uaigneach ar dtús báire, ní raibh na hÉireannaigh in Ollscoil na Banríona ag labhairt Gaeilge ná ag sent ceol traidisiúnta. Mhothaigh mé níos Éireannaí ná na hÉireannaigh!
“Ach bhí neart á labhairt sa Chultúrlann agus nuair a chuaigh mé ar cuairt go hInis Mór in Oileáin Árann.”
Tá a croí istigh in Éirinn agus ba mhaith léi filleadh. “Bhí dúil agam i Riverdance agus grúpaí ceoil, agus anois bím ag dul chuig seisiúin sna tithe tábhairne Gaelacha agus seinnim an fheadóg mhór agus ceolaim amhráin Ghaeilge.”
Dúirt Nadia nuair a bhris an cogadh amach go ndeachaigh a teaghlach i dtús báire chuig teach carad ar imeall Chív, ach bhí sé ró-chóngarach d’aerfort a bhí faoi bhagairt, mar sin d’imigh siad an mhaidin dár gcionn chuig teach aintín agus uncail leo atá níos faide ar shiúil.
“Tá súil agam go mbeidh muid slán anseo”, a dúirt sí.
https://www.independent.ie/seachtain/aghaidh-na-gaeilge-san-ucrain-imionn-nadia-o-chiv-41408822.html Aghaidh na Gaeilge san Úcráin: Imíonn Nadia ó Chív