Am galánta é nuair a théann na cloig ar aghaidh agus an aimir ar dóigh …

Is breá liom an t-am seo bliana nuair a théann na cloig ar aghaidh. Sea, tá’s agam go mbíonn uair an chloig níos lú againn sa leaba ach nuair a fhéachann tú amach an fhuinneog agus an mhaidin go breá taobh amuigh, bheadh ​​​​fonn ort dul amach agus an leaba the a fhágaint.

ach ait an rud é ach is maith liom nuair a théann na cloig siar chomh maith ag an dtaobh hurry the mbliain. Rud nádúrtha atá ann dar liom – nó b’fhéidir go bhfuil taithí againn air ag an bpointe seo.

Domsa, tá sé ar nós a bheith ag athrú giaranna sa charr. Níos moille sa gheimhreadh agus níos tapúla sa samhradh más maith leat!

Bhí sé seo ar fad le hathrú in 2019 nuair a deinadh cinneadh deireadh a chur leis an sall agus anall leis an uair an chloig seo.

Níor tháinig an t-athrú seo agus cheapas go raibh baint éigin leis an bpaindéim nár tháinig sé i bhfeidhm, ach is cosúil cé gur aontaíodh gan a bheith ag léimt idir am an tsamhraidh agus am an gheimhridh, ní ceann rabhthas in ann aontú

Leigheas amháin air seo ná rudaí a fhágaint mar atá. Deirtear go bhfuil formhór na ndaoine sásta gan a bheith ag aistriú na gclog. Ní fios cathain a thiocfaidh réiteach air seo.

Chaithfeá gáire a dhéanamh agus daoine ag caint air seo. Ó bheith ag éisteacht leo, cheapfá go mbeadh uair an chloig níos mó solais ann sa lá nuair a théann na cloig ar aghaidh uair.

Tharraing fear pictiúr iontach dom uair amháin. Sé a dúirt sé ná ‘má tá pluid dhá mhéadar ar fhaid agat agus má ghearrann tú troigh óna mbarr agus má fhuáileann tú an troigh sin go dtí bun na pluide tá an phluid fós dhá mhéadar ar fhaid’ – sin go díreach an scéal leis uair and chloig seo.

Tagann an chaint seo ar fad dhá uair sa bhliain agus beifear ag caint air aríst amach anseo sa bhfómhar.

Tá Lá na nAmadán ann Dé hAoine, aríst lá sa bhliain é seo a sheas amach dúinn.

Níl a fhios agam an rud mór é do dhaoine óga na linne seo. Thagadh mo mháthair isteach chugam ag rá go raibh sneachta taobh amuigh agus díreach go dtí an fhuinneog liom agus siar leis na cuirtíní agus faic ar an dtalamh. Meangadh mór gáire ar aghaidh mo mháthar.

Cleas built ar an ndream óg aríst.

Is mó uair a dúirt liom fhéin go rabhas chun a bheith ar an airdeall an bhliain seo agus ná rabhas chun ligint d’éinne ‘amadán’ a dhéanamh díom, ach ar chúis éigin deinim dearúd air seo agus an chéad rud eile bím sáite istigh i scéal after bhfuil fíor in aon chor.

Bígí cúramach ar an Aoine agus ná creid éinne a deireann go bhfuil sneachta ann, is cuma más í do mháthair í!

Tá sé deacair a bheith ag caint ar sneachta go mórmhór leis an tseachtain bhreá a bhí ann. Sin rud mar gheall ar mhí an Aibreáin agus sinn ag féachaint ar aghaidh, d’fhéadfá aon sórt aimire a fháil, sneachta ina measc!

https://www.independent.ie/seachtain/am-galanta-e-nuair-a-theann-na-cloig-ar-aghaidh-agus-an-aimsir-ar-doigh-41502544.html Am galánta é nuair a théann na cloig ar aghaidh agus an aimir ar dóigh …

Fry Electronics Team

Fry Electronics.com is an automatic aggregator of the all world’s media. In each content, the hyperlink to the primary source is specified. All trademarks belong to their rightful owners, all materials to their authors. If you are the owner of the content and do not want us to publish your materials, please contact us by email – admin@fry-electronics.com. The content will be deleted within 24 hours.

Related Articles

Back to top button