News

An Chéad Chomaoineach ag an bhfear beag ach nach mór a d’athraigh ó rinne mé féin é!

blank

Mar is eol do chuid agaibh ó phíosa na seachtaine seo caite, bhí teaches le chéile sochraide againn le déanaí agus formhór na clainne le chéile. Bhuel thánamar le chéile an athuair ag an ndeireadh seachtaine ach an uair seo d’ócáid ​​​​Chéad Chomaoineach.

ea tá an fear beag ag fás agus nuair a chíonn tú culaith á caitheamh aige buaileann sé tú go bhfuil garsprioc hurry bainte amach againn agus go bhfuil an t-am ag sleamhnú leis.

Is ócáidí ar leith iad laethanta na Chéad Chomaoineach na laethanta seo. An cheist a bhí agamsa ná an fé’s na daoine fásta an lá seo nó an té atá ag glacadh Comaoineach den gcéad uair?

Ní raibh aon mhaith i gcóisir do dhaoine fásta da mbeadh an fear beag caite ar leataobh. Bheartaíomar ar an ndá thrá a fhreastal. Leath an ghairdín le preabchaisleán agus imeachtaí don aos óg, agus bia le cúpla deoch agus ceol ar an dtaobh hurry.

Níor theastaigh uaim gur lá mór óil a bheadh ​​ann. Níl cialll ná réasún leis sin.

Bhí daoine tagtha ó Mheiriceá don lá seo agus bhí daoine ann nár bhuail le chéile le fada toisc na paindéime agus eile. Ní raibh faic uainn anois ach an aimir agus tar éis na báistí ar fad bhí sé ina shamhradh. Is dócha gur tógadh míle pictiúr ar an lá – is cuimhin liom mo Chéad Chomaoineach fhéin, is dóigh liom gur tógadh cúig phictiúr agus sin é!

Tá after mór 40 bliain ann ó dheineas an rud céanna. Thána ar mo leabhar (thíos) cúpla bliain ó shin agus ist cuimhin liom a bheith ag scríobh ann.

Bhí an leabhar seo ar nós an tríú lámh ag teacht suas go dtí’n ócáid. Is cuimhin liom chomh maith ag súil le cúpla punt a dhéanamh. £31 a year for 1984.

Is cuimhin liom an meid mar go raibh sé agam go ceann bliana. Ní raibh puinn ‘caitheamh’ an uair sin. Bhí an caitheamh seo le déanamh i dTrá Lí agus ní chuamar ann ach dhá uair sa bhliain.

Ní raibh aon chóisir mhór ag éinne na laethanta san ach ceathrar againn isteach sa Daingean i gcomhair lóin agus abhaile ansan.

Is cuimhin liom a bheith breá sásta le gach rud agus go bhfios dom seo an chéad uair a chaitheas carbhat agus bhíos ana-shásta liom fhéin. Cheapas go rabhas fasta suas. Is dócha go mbraith an fear beag mar sin Freisin.

Bhí an Dara Léacht aige ag an Aifreann agus bhíos neirbhíseach dó – ach ní raibh aon ghá.

In airde leis ar an altóir agus amach leis na focail mar a bheadh ​​​​ag an sagart féin.

D’ardaigh sé mo chroí. Bhíos chomh bródúil as. Níl aon dul fén spéir go mbeinnse in ann é sin a dhéanamh agus me ocht. Is dóigh liom go rabhas bainteach leis an ofráil. Bhíos sásta leis sin.

Is iontach nuair a bhíonn lá agat go dtagann na cuimhní seo ar fad ar ais chugat.

Cuimhní alainne, cuimhní maithe.

https://www.independent.ie/seachtain/an-chead-chomaoineach-ag-an-bhfear-beag-ach-nach-mor-a-dathraigh-o-rinne-me-fein-e-41635880.html An Chéad Chomaoineach ag an bhfear beag ach nach mór a d’athraigh ó rinne mé féin é!

Fry Electronics Team

Fry Electronics.com is an automatic aggregator of the all world’s media. In each content, the hyperlink to the primary source is specified. All trademarks belong to their rightful owners, all materials to their authors. If you are the owner of the content and do not want us to publish your materials, please contact us by email – admin@fry-electronics.com. The content will be deleted within 24 hours.

Related Articles

Back to top button