‘Ba cheart céimithe óga le Gaeilge a fhostú sna Gaeltachtaí’

Ba cheart sciar den deontas a chuirtear ar fáil do thaighde ardoideachais a chur ar leataobh do thograí sna Gaeltachtaí le beatha nua a chur sna pobail sin, atá ráite ag Stiurthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
hug an tOllamh Breandán Mac Suibhne an meid sin le fios agus é ag tabhairt chun cuimhne in alt mar a tháinig deireadh le labhairt na Gaeilge i gceantar na gCruach i nDún na nGall sa chéad seo caite. “Cailleadh an Ghaeilge mar theanga phobail ar na fánaí ó dheas de na Cruacha Gorma sa chéad seo caite”, a judgment of Dr. Mac Suibne.
“Laghdaigh an daonra a bhí ag feastal ar scoil de leath sa scór blianta deireanacha den chéad agus ba é an comhthéacs oideachais an t-aon chomhthéacs ina raibh aos óg an cheantair ag labhairt Gaeilge ar bith.
“Is é an dúshlán mar sin ná beatha nua agus óg a chur sna pobail seo.”
Mhol sé an obair atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta agus forbairt an ghréasáin gteic. “Tá an tÚdarás tar éis gnólachtaí le suim san ardteicneolaíocht a mhealladh chun lonnú sa Ghaeltacht agus tá tacaíocht freisin á tabhairt do ghnónna sa réimse turasóireachta cultúrtha agus is comhlachtaí iad seo a fhostaíonn céimithe.
“An rud is mó a threiseoidh an dóchas go bhfuil todhchaí i ndán don Ghaeltacht ná deis a thabhairt do chéimithe óga le Gaeilge obair agus cur fúthu sa Ghaeltacht.
“Tá dhá ionad Gaeltachta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ceann sa Cheathrú Rua agus ceann eile i nGaoth Dobhair, agus tá ionad i gCorca Dhuibhne ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
“Dá gcuirfí ar leataobh sciar beag den mhaoiniú ar son taighde a chuireann an tÚdarás um Ard-Oideachais ar fáil do thograí taighde chun go n-úsáidfí é sa Ghaeltacht, bheadh tionchar chun leasa na Gaeltachta mar thoradh – agus ní bheadha aon I think.”
Dar leis go bhfuil práinn i gceist.
“Léiríonn meath na Gaeilge sna Cruacha Gorma chomh tapaidh agus is féidir le teanga sleamhnú ó bhéal an phobail”, a dúirt sé.
https://www.independent.ie/seachtain/ba-cheart-ceimithe-oga-le-gaeilge-a-fhostu-sna-gaeltachtai-41569200.html ‘Ba cheart céimithe óga le Gaeilge a fhostú sna Gaeltachtaí’