Cuimhní maithe agus brónacha ag teaches ar ais agus me ag dul go hAerfort na Sionainne

Tháinig mo bheirt abhaile ó Mheiriceá Dé hAoine. Bhí breis agus mi ó chnoc iad agus bhíos chomh sásta iad a bheith ar ais. Níl sé mar an gcéanna a bheith sa tig leat fein!

steach go hAerfort na Sionainne a thánadar, buíochas le Dia. Agus me ag fanacht leo, tháinig ana-chuid cuimhní ar ais chugam.

Is mó babhta a bhíos ann agus me óg le daoine sa chlann ag teacht nó ag imeacht. Cuimhni maithe agus cinn bhrónacha chomh maith. Cuimhní a fhanann leat go deo.

Bhíos ana-óg nuair a chuaigh mo dheirfiúr Deirdre go Nua-Eabhrac. Is dócha go rabhas ocht nó naoi mbliana agus croí mo mháthar briste mar go raibh ar dhuine dá cuid dul ar imirce díreach ar a nós fhéin.

Is cuimhin liom a bheith ann go dtí go ndeachaigh an t-eitleán san aer. B’in an chéad uair a chnoc eitleán i gceart. Má bhí uaigneas ann nuair a bhí sí ag fágaint, a mhalairt ar fad ab ea an scéal agus í ag filleadh. Ní raibh aon teaches abhaile cúpla uair sa bhliain an uair sin, uair gach trí nó ceithre bliana a bhíodh ann.

Ag féachaint siar, ní raibh aon WhatsApp ná físeáin gach cúpla uair and chloig ach glaoch ar an bhfón and Domhnach deireanach sa mhí.

Thuigfeá canathaobh go mbíodh daoine chomh bronach sin.

Tá sé deacair é sin a thuiscint sa lá atá inniu ann.

Bhí an scéal mar an gcéanna nuair a chuaigh mo dheartháir Danny go Chicago. Gol is uaigneas san áit seo aríst. Is cuimhin liom an uair sin agus an beár ina gcífeá na heitleáin ag fágaint lán le deatach agus suíocháin agus iad déanta as sórt cairpéad éigin.

Níl an áit seo ann níos mó, tá gloine mhór thimpeall air. Is ait na rudaí a thagann ar ais chugat agus tú ag fanacht le daoine ag an aerfort.

Is cuimhin liom chomh maith nuair a bhíodh duine acu ag teaches abhaile go mbíodh orainn a bheith éirithe ana-luath ar maidin agus go mbíodh mo mháthair gléasta ina héadaí maithe.

Ócáid a bhíodh ann gan dabht agus díreach ar nós dul go dtí’n Aifreann ar an nDomhnach, chaithfeá a bheith ag féachaint go maith.

Tar éis do mo thuismitheoirí taught abhaile ó Chicago 1969 ní mór na turasanna a dhineadar ar ais, ach is cuimhin m’athair ag dul ann do shochraidí.

Bhí formhór dheartháireecha agus dheirfiúracha na beirte ann. Iad ar fad imithe anois!

After ait an rud é ach tagann na cuimhní seo ar ais chugam gach aon uair agus me ann. Siúlaim timpeall go dtí na háiteanna céanna gach uair.

Bím uaigneach nuair a bhíonn mo bheirt ag fágaint ach tá’s agam go mbeidh siad sa bhaile i gceann cúpla seachtain agus le bheith fírinneach chuaigh an t-am go tapaidh.

Léim an fear beag isteach im’ lámha nuair a chonaic sé mé agus fuaireas an bharróg is mó riamh, rud a chuir gliondar ar mo chroí.

Ar ais ar scoil leis amárach agus isteach go rang a 3!

https://www.independent.ie/seachtain/cuimhni-maithe-agus-bronacha-ag-teacht-ar-ais-agus-me-ag-dul-go-haerfort-na-sionainne-41949608.html Cuimhní maithe agus brónacha ag teaches ar ais agus me ag dul go hAerfort na Sionainne

Fry Electronics Team

Fry Electronics.com is an automatic aggregator of the all world’s media. In each content, the hyperlink to the primary source is specified. All trademarks belong to their rightful owners, all materials to their authors. If you are the owner of the content and do not want us to publish your materials, please contact us by email – admin@fry-electronics.com. The content will be deleted within 24 hours.

Related Articles

Back to top button