‘Onóir mo shaoil’ a bheith mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, a deir Paula Melvin

Dúirt Paula Melvin gur “onóir mo shaoil” é a bheidh ina hUachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge.

oghadh í ag an Ard-Fheis i nGaillimh ag an deireadh seachtaine agus dúirt sí: “I measc na mór-spriocanna atá agam don bhliain atá amach romhainn tá an Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta… le cinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar fine trína dteanga fine. Leanfaidh mé leis an troid ar son Acht Gaeilge agus Straitéis Ghaeilge a bhaint amach ó thuaidh.”

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, leis an Ard-Fheis go raibh “an baol ann” go ndéanfaí an Ghaeilge “a imeallú go buan” sa stát. Sa chás sin bheadh ​​​​an “cúpla Focal” fágtha “mar chomhartha siombalach den am atá caite ach bheadh ​​​​gnó an stáit agus na seirbhísí poiblí a mbaineann gach saoránach leas astu á riar beagnach go hiomlán trí Bhéarla”.

Dúirt sé go raibh sé “ríthábhachtach” go dtabharfaí aitheantas do cheart “iomlán” cainteoirí Gaeilge déileáil leis an stát ina teanga féin. Dar leis go raibh cás na Gaeltachta agus cás na teanga saol poiblí “fite fuaite” lena chéile.

https://www.independent.ie/seachtain/onoir-mo-shaoil-a-bheith-mar-uachtaran-ar-chonradh-na-gaeilge-a-deir-paula-melvin-41408823.html ‘Onóir mo shaoil’ a bheith mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, a deir Paula Melvin

Fry Electronics Team

Fry Electronics.com is an automatic aggregator of the all world’s media. In each content, the hyperlink to the primary source is specified. All trademarks belong to their rightful owners, all materials to their authors. If you are the owner of the content and do not want us to publish your materials, please contact us by email – admin@fry-electronics.com. The content will be deleted within 24 hours.

Related Articles

Back to top button