To cócaire Ciarán: Ó na bialanna is clúití go dtí an Caifé Gaelach is úire

Chaith sé a shaol ag obair sna bialanna is fearr i mBéal Feirste – agus anois tá Ciarán Ó Cruadhlaoic i mbun an chaifé Ghaelaigh is úire sa chathair.

‘oscail an Caifé Ceoil i mí Iúil in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma.

Agus nuair a iarradh ar Chiarán a bheith ina bhainisteoir agus cócaire ann, ghlac sé leis laithreach.

“Bhí a fhios acu go raibh mo chroí istigh sa Ghaeilge agus is like a cheantar seo mé ó dhúchas”, a dúirt sé.

Close

Ciarán ag tabhairt amach ceapaire tostáilte agus anraith

“Deis atá ann dom fosta giota beag cócaireachta a dhéanamh leis an phobal – sílim go bhfuil scoilt ann idir an pobal agus bia mar síleann daoine go gcaithfidh tú dul go bialann mór le rá le bia maith a fháil.

“Ar ndóigh ní bia ardnósach atá ar fáil sa Chaifé Ceoil ach gnáthbhia, ach ar chaighdeán ard. Mar shampla, ist breá le gach duine ‘toastie’ ar an oileán seo, bhuel cuirimse na hábhair ist fearr istigh iontu agus mothaíonn daoine sin.

“Tá a fhios agam cén áit as a dtáinig gach ábhar – an t-arán, an chais, an fheoil – agus nuair a bhlaiseann daoine sin bíonn iontas orthu. Tá sé go hiontach a bheith ag cocaireacht don phobal. Tá me chomh sásta le píobaire anseo.”

D’oibrigh Ciarán i roinnt de na bialanna is clúití sa chathair – in a measc Ginger agus Molly’s Yard, ar chaith sé 16 bliana ann, agus is bialann í a bhain neart duaiseanna. D’oibrigh sé le cócairí ar bronnadh réaltaí Michelin orthu, ar nós Barry Smith. “Le Barry, d’fhoghlaim me go raibh tú ábalta a bheith ag cócaireacht agus a bheith deas fosta!” a durt Ciarán.

Close

Ciarán ag obair sa chistin

“Tá cuid mhór Gaeilge le cloistint sa cheantar seo agus sa bhialann seo, tá sé go hiontach”, a dúirt sé faoin Chaifé Ceoil.

“Labhraím Gaeilge le daoine an chéad rud agus cuireann sé iontas orm go dtosaíonn siad ag caint i nGaeilge liom – daoine nach bhfuil aithne agam orthu. Tá sé ar fheabhas.”

Tá an Caifé Ceoil ar oscailt ó 9.30 a.m. go dtína 4pm Luan go hAoine ach tá plenanna ann oícheanta speisialta a dhéanamh as seo amach, le béim ar bhia na hÉireann.

“Mar shampla tá an chais is fearr ar domhan againn sa tír seo, ach ba mhaith liom sin a chur os comhair an phobail, mar shampla mar tapas”, a dúirt Ciarán. “Nil anseo ach an tús.”

https://www.independent.ie/seachtain/an-cocaire-ciaran-o-na-bialanna-is-cluiti-go-dti-an-caife-gaelach-is-uire-41989176.html To cócaire Ciarán: Ó na bialanna is clúití go dtí an Caifé Gaelach is úire

Fry Electronics Team

Fry Electronics.com is an automatic aggregator of the all world’s media. In each content, the hyperlink to the primary source is specified. All trademarks belong to their rightful owners, all materials to their authors. If you are the owner of the content and do not want us to publish your materials, please contact us by email – admin@fry-electronics.com. The content will be deleted within 24 hours.

Related Articles

Back to top button